Scoil: Oileán Baoi (Dursey) (uimhir rolla 13138)

Suíomh:
Oileán Baoi, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eoghan Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 059

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 059

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Baoi (Dursey)
  2. XML Leathanach 059
  3. XML “An Fear a Bhí ag Cur an Choirce i bhFaill Bomaillín Lá Fhéile Gobnait”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear na blianta fadó ó shoin a cur coirce sa pháirc os cionn na faille sin - Faill Bómaillín - Lá 'le Gobnait. Bhí sé a treabheidh leis agus i gcionn tamaill chonnaic sé an bhean istig fé béalán abhí ann agus í na suidhe síor di féin a fuagháil. Nuair a tháinig sé chómh fada leí do labhair sí leis: -
    "An té tá a chur ní bhainfidh" ar sise.
    "An té tá a fuagháil," ar seisean á freagairt, "Ní chaithfidh."
    Níor chuir sé a thuille suime innti mar cheap sé gur bhean ó'n áit í. Do lean sé air síos agus chómh luath agus a bhain sé amach bun na páirce, níor mhothuigh sé pioc go raibh sé féin agus an capall agus an céacht imthighthe le faill síos agus baseadh thíos iad.
    Níl sé ádhmharach aon nídh do chur Lá 'le Gobnait, agus ní chuirfeadh na sean-daoine aon nídh an lá san.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge