Scoil: An Dúinín (uimhir rolla 4444)

Suíomh:
An Dúinín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
R. Ó Motharua
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0298, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0298, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Dúinín
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “Ciste Óir”
  4. XML “An Rón”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    idir meán oidhche agus glaodhach choiligh ar maidin. Do thosnuig Páid ag rómhar agus ag rómhar ar a dhian-dícheall, ach do bhris sé dhá rámhain. An dara oidhche, bhí beirt eile ag cabhrú leis. Do chonnachadar cat mór dubh ag gárdáil na sceiche. D'eirig síad as an gcuardach le h-eagla roimh an gcat dubh. Do chuadar abhaile. I gceann tamaill fhada tháinig an bhean airís tímchall na h-áit, agus dubhairt sí an cat do mhealladh le píosa feóil, fhaid is a bheadh an obair ar siúbhal. Deineadh é sin acht theip ar na fir an t-ór d'aimsiú. D'imthig Paid Mór as an dtír tamall ina dhíaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Uair amháin do ghabh fear rón ins an fairrge in aice le Tráigh Ligeach. Thug sé an rón abhaile leis agus bhí sé beó. Do chuir sé an rón isteach san gcistin. An oidhche sin bhí fear ag dul treasna na trágha agus d'airigh sé glór cainnte. "A Dhonnchadh Dhonn! A Dhonnchadh Dhonn." Do lean an fear ar a thurus agus chuaidh sé isteach i dtig ar an dtaobh eile de'n dtráigh. Is istig san dtig seo a bhí an rón agus d'innis an fear an sgéal d'fhear an tighe. Nuair a chlois an rón na focail "Donnchadh Dhonn" do labhair sé, "Ó! b'é sin Tadhg a bhí im lorg-se". D'fhág síad an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Dálaig
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceann Tuaithe, Co. Chorcaí