School: An Dúinín (roll number 4444)

Location:
An Dúinín, Co. Chorcaí
Teacher:
R. Ó Motharua
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 128

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 128

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Dúinín
  2. XML Page 128
  3. XML “Tobar na gCat”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá tobar beannuighthe eile annso leis. Tá sé suidhte ar thaobh chnuic i mbaile-fearann Bán Íseal, timcheall céad a caogad slat síar ós na míanaí umha nach úsaidtear anois. Tá sean-roilig gairid do'n áit na gcuirtí daoine a gheibeadh bás le linn na bpéin-dlighthe. Tá falla garbh gan moirtéal tógtha 'na thimcheall agus leac mór á chlúdú.
    Ós a cionn agus beagáinín siar uaidh, tá altóir (2' x 3' x 2') agus léightí Aifreann air fadó in aimsir na bhpéin dlighthe. D'réir scéalta na sean-daoine, cítí dhá chat bhán 'na suidhe ar gach taobh de'n tobar agus sin é cúis na h-ainme. Ní dóichighe gur tobar naomhtha é riamh, ach toisg Aifreann bheith á rádh ar a bharr agus cuireadh na daoine an-spéis ann. Tá sé clúduithe le driseóga atá go tuigh ann anois. Ní gearrfar iad seo mar rud mí-ádhmharach a bheadh déanta, Dá ndeanfaí a leithéid. Óltar uisce an tobair, ach ní usáidtear in aon slighe eile é. Uair amháin do nigh bean éadaighe san tobar agus rith sé in dísc.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Bán Íseal, Co. Chorcaí