School: An Dúinín (roll number 4444)

Location:
Dooneen, Co. Cork
Teacher:
R. Ó Motharua
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Dúinín
  2. XML Page 103
  3. XML “Ciste Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí fear in a chómhnuidhe i dTráigh Omna fadó agus do réir tuairisgí do bhí go leór airgid aige. Ní raibh aon chlann aige, ach chómhnuig sé in a aonar. Do chuir sé chuid-mhór d'á chuid óir, i bhfolach i gcófra mór agus do choimeád sé chuid beag eile.
    D'fhág sé le h-údhacht, sar a bhfuair sé bás, íomháigh de féin. D'órduig sé an íomháigh seo do chur in áit a thaisbeáin sé. Dubhairt sé len-a ghaolta an rann so bheith dealbhtha ar bhun na h-íomhaighe.
    "Gach oidhche Bhealtaine ar mo cheann
    Caithimh coróinn órdha."
    Nuair a fuair sé bás do tháinig a ghaolta, agus do chúardaigheadar gach áit, - dóigh agus andóigh - ach ní fhuaireadar an ciste. Sar a bhfad, do chuireadar an íomháigh anáirde agus do léigh gach duine na líntí a bhí dealbhtha uirthí, ach níor thuig aoinne na focail. Aon lá amháin, do tháinig bacach go dtí an áit, agus do chonnaic sé na líntí agus do thuig sé íad.
    Do chuaidh sé ar a thaisteal, agus ar an gcéad oidhche Bhealtaine eile, d'fhill sé ar an áit le rámhain. Do chonnaich sé scáth na h-íomhaighe ar an dtalamh agus ag cheann an scátha do chuir sé marc. Annsan do thosnuig sé ag romhar ag an áit sin. Ní fada go dtáinig sé ar an gcófra óir agus do bhí sé saidhbhir go leór in a dhíaidh sin.
    (Fuarathas an scéal seo ó Dónal Ó Coileáin, Árd Gaoitheáin)
    Fear óg é. Chuala sé an scéal ó n a athair, fear a chaith cuid maith d'á saoghal in Ameirica.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Dónal Ó Coileáin
    Gender
    Male
    Address
    Ardgehane, Co. Cork