Scoil: An Dúinín (uimhir rolla 4444)
- Suíomh:
- An Dúinín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: R. Ó Motharua
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Dúinín
- XML Leathanach 129
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lus na gcnámh (Comfrey) an plannda so do bheiriú. Céirín do dhéanamh de, agus é do cur ar cois leointe no aon ball eile de'n corp a bheadh leointe.
Miont Fiadhain (mint) do bheiriú agus an t-uisce so sgaga l' soithig éigin agus é d'ól. B' shin leigheas are tinneas goile. Leigheasfadh té déanta de'n Ruithéal Riogh (Herb Robert) aon breoiteacht ac bruithtíneach - Aoileach na gcaorach do bheiriú i mbainne agus an deoch sin d'ól.
Dóghadh - Céirín de bhual traig, do chur ar an áit dóighte.
Galar Craosach (thrush) - Duine d'fháil, a bheadh in a breith t'réis bháis a athar, agus anál an duine sin do shéide seacht n-uaire i mbéal an duine tinn.
Trioch - An duine tinn do cur uair fé agus ós cionn láir-asail, nó uisce d'ól as sruth ag snighe ó dheas ag ceangailt dá bhaile fearann.
Aicíd na nGearb nó claimh, (scurvy) Eirbeall cait duibh do ghearra agus an fhuil do chimilt do'n áit tinn.
Liath-bhuidhe (jaundice) Giota de chluais ghabhair do chur ar chórda agus é ceangal de muinéal an duine thinn.
Dathacha - Tae do dheanamh leis an biolar trágha (scurvy grass) agus é d'ól.
Aicid na scamhóg Tae d'ól a bheadh déanta(leanann ar an chéad leathanach eile)