Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 281
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ana-bhocht ann uair amháin dar b'ainm dó Mícheál. D'imthig sé leis ag siubhal dho féin. Ní raibh aige ach an t-aon reul amháin. Ar a slighe do do bhuail fear bocht eile leis dar b'ainm dó Seán. D'fhiafruigh Seán do'n fear eile ar raibh aon airgead aige le tabhairt do. Dubhairt sé ná raibh aige ach an reul amháin. "Tabhair dhom é léd' thoil" ar seisean. "Tabharfhad agus fáilte" arsan fear eile. Thug sé an reul do Sheán agus thug Seán mealbhóg do air agus dubhairt sé leis aon rud a raghadh isteach annsan ná tiocfadh sé amach as go deó.
Chuaidh an bheirt aca a slighe féin. Tamall 'na dhiaidh sin do bhuail Mícheál leis an ndiabhal. Dubhairt an diabhal leis go dtabharfadh sé a dhóthain airgid dó acht dul leis i gceann seacht mbliadhna. Dubhairt an fear bocht go dtógfadh sé an t-airgead. Nuair a bhí na seacht mbliadhna suas tháinig an diabhal chuige agus dubhairt sé leis go ndéanfadh sé trí rudaí do ar dtúis sar a n'imtheóchaidís. Dubhairt an fear leis é chaitheamh le faill agus do dhein. Sé an tarna rud a dubhairt sé leis ribe da chuid gruaige a díriughadh acht do theip air. Sa tríomhadh rud dubhairt sé leis dul isteach sa mhealbhóig agus do dhein." "Anois" ars an fear bocht "Tar amach má's féidir leat ". "O ní fhéadfhainn " ars an diabhal. Thug an fear an mealbóg go dtí seisear gaibhne agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Clubháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cnocán Glas, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Clubháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Cnocán Glas, Co. Chiarraí