Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- La amlaidh a bhí sí 'na cathair amuigh ó'n áit cois fairrge go dtugtar Ros-Beithe anois air. Clúduig an tuisge í agus do thriomuigheadh sí gach aoin mhaidean lae bealtaine gach aon bliadhain agus an maidin amáireach bhíodh sí cludaighthe arís leis an uisge. Bhíodh gach aon tsaghas duine ag siubhal isteach tríd an sráid an lá san mar a mbeadh in aon sráid eile. Chídís an bhean ar tháirsig a doruis agus í sior socrughadh a cinn agus á chíoradh agus bíodh an brat i n-aice léi. Dubhairt duine éigin dá sciobfadh an brat uaithe go bhfanfadh an cathair tirm i gcomhnuidhe.
Bhí marcach de muinntir Séaghdha agus dubhairt sé dá mbeadh capall maith ráis aige go dtabarfadh sé fé é sciobadh uaithe. Fuair sé an capall abh fhearr gheobhfaí ar fhagáil agus chuaidh sé isteach. D'fhág sé an capall tamall beag i nimeall na sráide amach. Ghaibh sé isteach agus le h-é gabháil tháirsí sciob sé an brat uaithe. RIth sé fé dhéin a chapaill agus léim sé ar an gcapall agus do phreab sé chun siubhail.
Do ghluais sise agus an fhairrge 'na tonntacha 'na dhiaidh, agus thug sé aghaidh igcoinnibh an aoird agus do sciob an tonn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Curráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Curráin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí