Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn cluiche ar siubhal againn timcheall na teine uaireanta ar a dtugaimid "seo mo bhirín duit".
Tógann duine blúire cipín agus cuireann sé sa teine é chun é do dheargughadh. Nuair a bhíonn sé dearg tógann sé amach é agus síneann sé an cipín go dtí an duine a bhíonn i n-aice leis agus deireann sé
"Seo mo bhirín duit,
Birín beo, birín marbh.
Má geibheann mo bhirín bás
Idir do dhá láimh
Beidh an trom trom ort".
Tógann an duine uaidh annsan é agus síneann sé é go dtí an ceud duine eile ag rádh an bhéarsa ceudna.
Nuair a múchann an cipín i láimh duine cuirimíd púicín ar a shúilibh agus bíonn air síneadh ar an úrlár agus cuirimíd rud éigin anuas ar a dhrom, ag iarraidh air cad a bhí anuas air. Leanann sinn mar sin ag cur seo is siúd anuas ar a dhrom go dtí go dtugann sé an freagra(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Churráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Curráin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí