Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)

Suíomh:
An Curraichín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 221

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 221

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curraichín (C.)
  2. XML Leathanach 221
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean feirmeóra ann agus ní raibh sí ró fial fé'n mbiadh. Bhí méithioll fear aici lá ag cur coirce. Bhuail stróinséar isteach chúcha nuair a bhíodar ag ithe an dinnéir. Dubhairt an bhean feirmeóra leis an stróinséar "Cad as an gamhain geal atá agat". ""Andheas ó's na gleannta agus ní h-éoluigheadh dom theannta".
    "Cad is ainm duit " a dubhairt sí.
    "Sean Biatai" adubhairt sé.
    "Seadh a Sheáin " adubhairt sí Dheineas cheana le toil mná tighe dul go dtí an bórd i dteannta na bhfear ag ithe. "Ní hé sin a deirim leat" adubhairt sí.
    "Is ró-mhaith a creidim é" ar seisean.
    Annsan arsa'n bhean leis
    "A bhacaig gan léine,
    Níl caoi agam seasamh led chaint.
    Bhí do bhean annso indé agam
    Is tú féin indiu le soinnt
    Do fhreagair an stróinséar í mar seo
    "Mo chreach is mó léan ní raibh mo bhean annso indé
    Ná mé féin indiu le na beann,
    Mar tá mo bhean i gCill n-Éan
    Agus leac lena ceann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Séaghda
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caladh an Uisce, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Séaghdha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Seoladh
    Caladh an Uisce, Co. Chiarraí