Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)

Suíomh:
An Curraichín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 320

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 320

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curraichín (C.)
  2. XML Leathanach 320
  3. XML “Oíche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche na Marb a tugadh na seandaoine ar Oidhce Samha agus creididís go mbíod na daoine a cailleadh ináirde ar na fraightheacha ag feiteamh feucaint cé bíodh ag guidhe le na n-anam an oidhche sin. Dá brígh sin bíod gach líon-tighe cinnte an Choroinn Muire do rád ar son na marbh sar a théigidís a codlad.
    Oidche mór grinn is ead í. Cuireann na buacaillí agus na cailíní cnóna ag doghad ar lic na teinead. Cuireann siad ainm cailín ar ceann aca agus ainm buacalla ar an gceann eile. Má dógann an dá cnó i dteannta chéíle gan corruige pósfar an beirt ach má leimeann siad ó na ceile ní posfar an beirt go deo.
    Fagtar trí baisíní agus cairtear fáinne i gceann aca, cré i gceann eile agus uisge sa triomhad ceann. Cuirtear céirsiúirar súilib duine agus siubalann sé mór timcheall an buird trí uaire. Annsan cuireann sé lámh i baisín éígin. Má cuireann sé a lamh i baisín an uisge raghaidh sé tar fairrge i rith na bliadna. Má chuireann sé a lámh i báisín an chré geobaid sé bas i rith na bliana agus má
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caladh an Uisce, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Murchadha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Seoladh
    Caladh an Uisce, Co. Chiarraí