Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)

Suíomh:
An Curraichín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 202

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 202

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curraichín (C.)
  2. XML Leathanach 202
  3. XML “Lá Fhéile Bríde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bíonn ana-sport ag na cailíní agus ag na buacaillí lá le Bríghdhe. Téigheann siad mór-timcheal na háite an lá úd ag bailiú pinginí don mbrideoig. Bíonn agaidthe fidil ortha agus sean-eadaige strachta i dtreo is ná beadh aitne ag aoinne ortha. Bíonn captaen ag gach scata diobh agus is aige a bíonn an brídeóig agus is é a bailigeann an t-airgead. Bíonn fidil ag duine eile aca agus deineann said babtha rinnce ins gach aon tig. Ceannuigheann said rudaí le n-ithe agus le nol leis an t-airgead agus bíonn oidhche rinnce aca i dtig éigin.
    Fadó ní raibh cead ag aoine súgáin do casadh an lá úd ná ní raibh chead ag mnaoí aon sniomhacán a deunamh ar eagla go dtiocfadh mí-ad éigin ortha.

    Sé m'athair Seán Ó Séaghdha Ó Rinn-na-nDealgán a innis an sgeul so dom. Tá sé 58 mbl. d'aois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Bríde (~366)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Shéaghdha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Séaghda
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí