School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Ar bhárr Straicín Gualann gan buaidhreamh do casadh mé lá...”
(continued from previous page)“Éist, Éist a óig-fhir ná bíodh brón ort ná mairig
Mar tá airgead agus ór agam agus mór-stoc ar thalamh
Is geobhair mar rogha chéile mé ar thaobh deas do leabthan”Éist, Éist, a óig-mhnaoi mar táim breoite, lag caithte
Tá muirear ró óg orm is ní cóir ad a sgaipeadh,
Is má tá airgead is ór agat is mór stoc ar talamh
Geobhair do rogha chéile ar thaobh deas do leabthan.
Mar a dtiocfair is mé pósadh le cómhair le na sagart,
Nochtuighim do’n t-saoghal so go bhfágfad tú marbh.Ainm an té a thug an t-amhrán dom:-
Aindreas Ua Séaghdha, Dún Caoin.Ainm an cailín a fuair é:-
Siobhán Ní Cróinín, Leaca Bán, Cíll-Áirne
Clochar na Trocaire. Cíll Áirne- Collector
- Siobhán Ní Cróinín
- Gender
- Female
- Address
- An Leaca Bhán, Co. Chiarraí
- Informant
- Aindrias Ua Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí