Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 335](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0425%2FCBES_0425_335.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 335
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lamhamhain ann fadó agus bhíodar an-bhocht. Bhíodar aosta agus ní rabhadar indon beatha do shaothrú dóbhtha féin. Sé an t-ainm a bhí ortha Pádraigh agus Máire. Bhí teach duine uasail in aice leo agus bhidís ag obair aige faid is a bhiodar indon. Anois, ní rabhadar indon aon obair a dhéanamh agus bhí siad gan nidh.
"Ní'l fhios agam céard a dhéanfaimíd" asra Pádraigh.
"Tá fhios agam-sa " arsa Máire, "céard a dhéanfaimíd. Téir thusa go teach an duine uuasail agus abair leis go bhfuil mise caillte."
D'imthigh Pádraig leis go dtí teach an duine uasail agus é ag gol.
"Céard tá ort , a Phádraig?" arsa'n duine uasal.
"Tá Máire caillte" arsa Pádraig.
"Ní maith liom sin" arsa'n duine uasal.
"Muise ní cás liom-sa a bás" arsa Pádraig, "dá mbeadh oiread agam agus a chuirfeadh í."
"Gheobhaidh tú sin asra'n duine uasal, "cé méid atá uait?"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Páidín Ó Meádhra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 60
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe