Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 372
- XML “An Iarlais”
- XML “An Chéad Bhean Chéile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dún Caoin ann.
- Bhí muinteoir d'arb'ainm Micheál Ó Cinnéide i Muirbheach. Is i mBaile na nGall abhí cómhnuidhe air, ach bhí sé ag múineadh i Muirbheach.Bhí sé pósta le cailín de mhuintir Uallacháin agus bhí an eitinn sa chlann sin.Ní rabhadar ach cúpla mí pósta nuair b'éigean di an leabaidh thabhairt uirthe féin agus níor fhág sí riamh í nó gur cuireadh ar chlár í tréis bunóc do bhreith.
Phós an fear airís tréis cúpla bliadhan nó mar sin agus gar-iníon do Cháit bean Uí Chonchubhair , cailín d'ar b'ainm di Siobhán Duccam, a phós sé. Chómhnuigheadar san leis i mBaile na nGall. Lá chuala máthair an chailín nua-phósta go raibh Micheál an-bhreoidhte, is go raibh fuil d'á chaitheamh suas aige. Baineadh preab aiste, cheap sí gurbh' é a bhás é agus d'ullmhaigh sí í féin dul á fhéachaint. D'iarr sí ar bheirt bhuachaill de mhuintir Chonchubhair dul ina teannta. Fuaireadar cárr cliathánach , cheannuigh an bhean lón mór agus d'imthigheadar leo féin am éigin ingiorracht do mheadhon-oidhche.
Is dócha go raibh am marbh na hoidhche ann nuair do shroicheadar crosaire idir an Daingean is Muirbheach. Níor bhraitheadar faic nó gur iompuigheadh an cárr(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sr. Eibhlín Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí