Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabhach ann fadó. Aon gharsún amháin a bhí aice. Chuir sí ar scoil é nuair a bhí se ábalta ar dhul ann. "Coinnibh an bóthar i gcómhnuidhe" ar sise leis.
Annsan bhí an sagart ar "station" aon lá agus lá fuar fliuch b'eadh é. Nuair a bhí na scoláirí ag dul abhaile bhí an sagart ina ndiaidh , agus é ag dul abhaile leis. Bhí garsún na baintreabhaighe roimis amach agus é lán de phluda go dtí a dhá ghlúin.
"Cad na thaobh ná raghfá isteach insa chasán glan?" arsa'n sagart leis.
Dubhairt an garsún ná raghadh mar go ndubhairt a mháthair leis an bóthar díreach a choimeád. Nuair a tháinigh an sagart abhaile d'fhill sé go dtí an bhaintreabhach agus d'fhiafruigh se dhi an leigfeadh sí an garsún le n-a chois feinigh. Dubhairt sí go leigfeadh agus fáilte. Thug sé leis annsan é go dtí a thigh féinigh, agus gach aon saghas bidh ar fheabhas a bhí sa tigh á thabhairt dó.
Bhí peictiúir na Maigdne Muire sa tseomra ina raibh an garsún ag ithe bídh. Do thugadh sé leath a chuid bídh do'n pheictiúir agus d'itheadh sí uaidh é. Bhí sé annsan ar feadh tamaill leis an sagart, agus is amhlaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir beag
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Mhárthain, Co. Chiarraí