Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 323

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 323

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 323
  3. XML “An tÓglach Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt rí ann fadó sa tsean -aimsir. Bhíodar an-mhór le n-a chéile. Bhí mac ag duine acu agus sé an ainm a bhí air ná Gruagach Fionn an Óir. Bhí inghean ag an rí eile agus dheineadar cleamhnas le chéile. Nuair do bhí an cleamhnas déanta acu bhí draoidheacht agus diablaidheacht ag athair an chailín óig is ní raibh ag athair an fhir óig. Bhí an draoidheacht ag Gruagach Fionn an Óir leis. Do tháinig athair an chailín óig agus chuir sé ar oileán eile tamaill fada ó bhaile iad agus thug sé ríoghacht eile dóibh. Bhain sé an ceann d'athair an Ghruagaigh agus bhí an dá ríoghacht aige féin annsan.
    Bhí an bainrioghan ingiorracht do leanbh a bheith aice agus níor mharbh sé í uime sin. Chuir sé amach tamall mór ó'n gcúirt í i mbothán bhocht. Rugadh an leanbh igcionn tamaill, agus bhí sí ag tabhairt aire do'n leanbh fé mar fhéad sí. Bhí truagh ag an rí di agus chuir sé adhbhairín bídh di. Bhí sé ag cur bídh chúiche go dtí go raibh an leanbh ag éirighe suas 'na fear. Bhí sé ag fás is ní raibh aon fhocal cainnte aige, agus má bhí ní labharfadh sé le n-a mháthair. Bhí sé ag fás go raibh faid an bhotháin ann. Bhí sé ocht mbliadhna déag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cruach Mhárthain, Co. Chiarraí