Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 339

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 339

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 339
  3. XML “Diarmuid Ua Sionnacháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí duine bocht ann fadó, sé an t-ainm abhí air Diarmuid Ua Sionnacháin. Bhí duine uasal in aice leis, tugtaoi Mac Uí Bhriain air. Bhí seisean saidhbhir agus bhí uaisle ag dul leis agus chaitheadh na daoine omós mór leis. Cheap an Sionnachán go raibh sé féin cómh saidhbhir le Mac Uí Bhriain agus go mba cheart do na daoine omós duine uasail a thabhairt dó.
    Lá amhain tháinig file an bealach agus casadh isteach idtigh an tSionnacháin é, agus dubhairt an Sionnachán leis dá gcumadh sé amhrán 'na thaobh agus é chur cómh h-árd le Ua Bhriain go dtuibhradh sé cúig puint dó, agus seo iad na focail a dubhairt an file:
    Is cosamhail le Ua Briain do thriall deas leath tráigh;
    Is cosamhail le Ua Briain do shliasaid agus do shlinneán
    Ach ní cosamhail le Ua Briain do dhiallaid ná do ghearrán,
    Agus fágaim thú an bhliadhain seo id' Dhiarmuid Ua Sionnacháin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Páidín Ó Meádhra
    Inscne
    Fireann
    Aois
    Os cionn 60
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ros Muc, Co. na Gaillimhe