Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 350
- XML “Teacht Ár dTiarna agus A Bhás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Trí céad déag fáilte naoi n-uair' agus fiche,
Roimis Mhac Dé na Glóire is na Maigdine Muire,
Do thúirling na broinn órdha 'na Dhia is 'na dhuine,
Is gurbh'é oidhche Nodlag Móire tháinigh Rí ceart na righthe,
Ag cur in iúl dóibh sin an scéal a bhí chuige
Sé lá ina dhiaidh san seadh glaodhann siad Lá Coille air
I dteampall na Trionóide mar a ndoirteadh an Fhuil Mhilis,
Ag cur in iúl dóibh sin an scéal a bhí chuige
Ag fulaing na daor-pháise is ag iomchar na croise.D'árduigh an dream cior-dubh an leanbh Íosa chun leaptha,
Ní raibh comharthaí 'na thimcheall ná siodaí 'na bhrataibh,
Ach ar chré bhuidhe do síneadh ros mín (?) Chríost, Rí na n-Aingeal,
Is d'éirigh an óirbhíogach suas díreach na seasamh.
Do thug sé dachad lá insa bhfásach is a' dream smáile ar A Thí,
Ní raibh stocaí ná bróg Air ná póta thréis bídh.
1. Tá sé seo chómh goirid do'n fhuaim is d'fhéadfainn é dhéanamh. Dubhairt sí gurab ionann agus leac é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Cheárnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 60
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sráid na nGabhar, Co. Chiarraí