Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí naomh i bParóiste na Cille insan tsean-aimsir agus deiridís go raibh sé dá choinneál suas i láimh Dé. Aon lá amháin ní bhfuair an naomh aon rud le n-ithe ó neamh, agus bhí iongnadh air cad 'na thaobh ná fuair sé rud le n-ithe mar ba ghnáth. Chuala sé guth dá rádh leis gur chuir sé fearg ar Dhia indé.
"Conus?" arsa'n naomh.
"Mar níor thugais buidheachas do Dhia an lá do bheith fliuch" arsa'n guth. "Agus chun maitheamhnachas d'fhagháil caithfidh tú dul san abhainn sin thíos agus fanacht ann go dtí go bhfásfaidh biolar óg id' dhorn".
"An mhaith", ar seisean, "raghaidh mise annsan".
D'imthigh sé leis an tráthnóna sin agus chuaidh sé isteach san abhainn. Ní 'fheadar cé'n fhaid do bhí se ann nuair do tháinigh fear treasna is bó aige. Bhí sé tréis í do ghoid. Bhí sé ag iarraidh an bhó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Loibhéad
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Gairm bheatha
- Gréasaí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí