Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 311

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 311
  3. XML “Seán de Barra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mac ministéir b'eadh Seán. Bhí cailín aimsire aige, catoiliceach b'eadh í agus ní itheadh sí aon fheoil Dia h-Aoine.
    "Cad na thaobh ná itheann tú an fheoil" arsa'n fear léi. "Ní dhom chreideamh í ithe" ar sise, "agus dá ndéanfá leis é gheobhfá a luach fós".
    "Ní fhéadfhainn é" ar seisean "ní mhairfinn ar ceal feola. Ní fhéadfhainn chur suas de'n fheoil go dtí go gcuirfidh an bulán bán suas de'n bainne".
    Aoine an Chéasta chuaidh an cailín go dtí an bulán bán agus chuir sé suas de'n bainne. Ghlaoidh sí annsan ar mhac an mhinisteir agus dubhairt sí go raibh an bulán bán curtha suas de'n bhainne.
    "Begor mhuise, déanfad-sa lá indiu trosgadh leis " ar seisean . Luigh sé ar a leabaidh agus dubhairt sé gan glaodhach air nó go nduiseochadh sé féinigh. Níor ghlaoidh aoinne air agus ar maidin bhí sé caillte.
    "Maith an scéal mhuise nár leig duit féinig. Béidh mé cionntach ionnat" ar sise.
    I.
    Nuair do chuadhas-sa suas go dtí doras a' Fhlaithis,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 60
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cruach Mhárthain, Co. Chiarraí