Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 370](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0425%2FCBES_0425_370.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 370
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon oidhche amháin timcheall cúig bliadna déag is fiche ó shoin bhí Cait bean Uí Chonchubhair is a mac is a beirt ingean ina suidhe go deanach. Bhiodar tréis beart bróg d'fhagháilt agus d'fhanadar ina suighe ag cur marcanna ar na bróga. Do thainigh an mheán-oidhche agus chualadar go léir an cnag ar an bhfuinneóg sa chistin. D'fhéachadar amach ach ní raibh aoinne amuigh. D'fhanadar tamall eile ach nior chualadar airís é. Annsan chuadar a codhladh.
An lá ina dhiaidh sin b'éigean d'Eibhlín dul go Tráighlí, agus nuair do tháinigh sí abhaile bhí a máthair an bhreoidhte ar fad. Ní raibh sí cómh dona riamh ná ó shoin , agus ní fhéadfadh an dochtúir aon nidh do dhéanamh di. Bhí sí 'na luighe ar feadh i bhfad agus ba dhóbair di bás d'fhagháil, ach sa deire d'innis sí don sagart, an t-Ath. Kirby, mar gheall ar an gcnag. Chuir sé a bheannacht uirthe agus leigheasadh í agus tá sí beo fós.- Faisnéiseoir
- Sr. Eibhlín Ní Conchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí