Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 316

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 316

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 316
  3. XML “Amhrán an tSeanduine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán an tSeanduine

    A shean-duine shrionna ní caoi duit-se labhairt,

    [I]
    A shean-duine chrionna ní caoi duit-se labhairt,
    Le cailín ciúin meallsa atá ar mearaidhe mar táim,
    Mar ba mha liom-sa an oidhche a thiubhrainn sínte led' chom
    Ná bheith ar imeall na h-abhann ingiorrachtan mo bhádhaidh.
    [II]
    Ní chuirfeá-sa cóir orm, cóta ná gúna,
    Róbaí fé'm' ghlúine ná pibín fé'm' brághaid;
    Is ró-ghearr go dtógfad-sa mo sheolta chun siubhail,
    Agus go bhfágfad sa chúinne thú ag seinmt crónáin.
    [III]
    Éist leis an spéir-bhean, agus dein-se mo chómhairle,
    Nó beidh tú go cúthail idtigh do dhriothár.
    [IV]
    Thiubhrainn tae duit ar maidin, agus geal-bhainne gabhair,
    buidéal d'fhionn-fhíon, agus gloine as gach láimh.
    Ní ghlaoidhfinn ort ar maidin chun do bhó bheag do chrúdh,
    Is do bheadh cailíní ag tnúth leat, feara is mná.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cruach Mhárthain, Co. Chiarraí