Scoil: Gaddyduff (uimhir rolla 16642)
- Suíomh:
- An Ghadaigh Dhubh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. H. Kavanagh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaddyduff
- XML Leathanach 39
- XML “Cluichí Amuigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé tig agus an buille deireannach na cluichtí is mo a imrigheann muid. Is gnáth dúinn an tig a imirt ins an oidhche go mór mhór nuair a bhíonn an ghealach ag sollsughadh. Nuair bhíonn muid ag imirt ritheann muid trasna na páirceanna agus thart fá na cruacha coirche. Imrigeann muid an buille deireannach nuair a bhíonn muid ag dhul abhaile o'n sgóil.Nuair a tigheann muid amach as an sgóil bíonn muid uilig le chéile. Buaileann gasúr amháin an gasúr eile agus cuireann sé glas ar a dhá mhéár beaga. Bíonn sé faoi ghéasa annsin agus ní bhíonn an duine eile abalta é a tígead. B'feidir annsin nuair a bhéadh sé ag dhul abhaile agus cupla gasraidhe eile leis, ní bhéadh sé ag smaoitead agus bhainfeadh sé an glas de na mhéara. Ní bhéádh na gasraidhe eile acht ag fanacht fá choinne an seans agus nuair a tcífead siad na méára sgaoilte ag an gasúr gheobhaidh siad an buille deireannach air agus cuirfead siad an glas ar a mhéaranna féin. Béadh sé in droch dóigh ainnsin agus caithfeadh sé dhul abaile gan an buille deireannach a fhagháil ar na gasraidhe eile.Má bhíonn muid ag dhul tig a imirt seasann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seoirse Ó Duibhleacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluain Maine, Co. Dhún na nGall