Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 053
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ag dul go h-inbhear fa choinne lód sgadáin agus thainig an oidhche ar.”
Bhí fear ag dul go h-inbhear fa choinne lód sgadáin agus thainig an oidhche ar. Chuaidh sé isteach chun toighe eigin agus d'iarr loistin. Ní rabh ins an teach acht bean agus dubhairt sí na dtiocfadh léithe lóistin ar bith a thabhairt do no na mbeadh a fear sásta.
Chuaidh sé amach agus luighe sé i sean-teach agus níor bhfada gur cualaidh sé fear ag siubhal isteach chun toighe. Chuaidh seisean chun na fuinneóige agus coimhead sé an bheirt a bhí istoigh. D'feach sé ar an tábla agus caide a bhí air acht bonnac aran choirce, gé agus buideal uisge beatha.
Mhothuigh an bean a fear ag teacht agus d'fág sí an t-aran agus uile shíos ins an t-seomra. Cuir sí an fear isteach ins an leabaidh. Thainig an fear isteach agus dubhairt sise go rabh fear annsin tráthnóna ag iarraidh lóistin. Caide an fáth nar congbhuigh tú é ó níl mé i bhfad ar siubhal go fóill arsa seisean agus isteach leis. Bhí sé fhéin agus fear an toighe ag comhradh.
An ndean sibh moran leis an aileach dhubh thall fa sin arsa an fear(Níl crioch curtha leis an sgeul seo...)