Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 012

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 012
  3. XML “An Paróiste seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá eolas maith ag na daoine tá beo ins an pharóiste seo an dóigh a fuair an pharóiste a h-ainm. Bean darbh ainm Taobhóg a cuir suas teach pobail ins an roilic agus annsin h-ainmnughadh an pharóiste in a diaidh. Bhain na h-Albannaigh teach an phobail seo ó na Catloicigh agus bhí siad ag cur cuirp na n-Albannaigh ins an roilic.
    Am amháin cuireadh corp Albannach ins an roilic agus chuaidh fear síos go dtí an roilic le rud éigin a dhéanamh leis an corp. Ag marcuigheacht a bhí an fear seo agus nuair a thog sé an cómhra amach as an uaighe cuir sé rópa thart uirthí. Ceangail sé an rópa do'n capall agus chuaidh sé fhéin a mharcuigheacht agus chuaidh an capall isteach san abhainn. Nuair a bhí an cómhra istoigh ins an abainn ghearr sé an rópa agus d'imthigh sí leis an tuille.
    Nuair a cualaidh na h-Albannaigh seo ní rabh siad sasta agus ó'n lá sin ní ba mhó ní cuireadh Albannach ins an roilic atá ins an pharóiste seo.
    Tá na sean-fothrach le feiceailt ins an roilic seo go fóill a cuir Taobhóg suas agus níl dadaidh ann anois acht na ballaí fuara follamha. Bhí beirt deirbsuir aici darbh ainm Raithne agus Cara. Cuir Raithne roilic ar bun i gCill Raithne agus sin mar fuair an áit seo a ainm mar tá Cill Raithne. Cuir sí ceann eile ar bun comhgarach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Taobhóg, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Seán Mac Fhionntaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Clochán, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Roise Nic Fhionntaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    63