Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 022
- XML “Díospóireacht Beirte - Is í Connacht Cruithneacht Éireann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán: Is é mó bharamhail-sé gurbh í Connacht cruithneacht Éireann nó is í is mo a labharanns an Ghaedhilg.
Seamus: Cad chuige a ndeir tú sin, ar ndóighe tá oiread(?) Gaedhilge ag bunadh Thír Chonaill agus atá ag duine(?) ar bith eile in áit ar bith 'san Ghaedhealtacht?
Seán: Deirimsa gur ag na Connachtaigh atá an Ghaedhilg is fhearr no tá Gaedhilg aca ar achan fhocal, níl sí cosamhail le Gaedhilg - briste Thír Chonaill.
Seamus: Maise bhí mise mé fhéin i gCúige Connachta ar féadh cupla lá anuraidh agus ní thiocfadh liom aontughadh leó fa leath na focla - Gaedhilge a bhí acu. Labhair tú cheana fein fa Ghaeilg briste Thír Chonaill. Is doiligh do chuid de mhuintir(?) Thír Chonaill an Ghaedhilg is fhearr a bheith aca agus gan acht Conndaecha Galldacha taobh amuigh díobhtha.
Seán: Is cuma sin, dá mbéadh spiorad ceart na Gaedhil(?) ionnta ní dheanfadh na Gáill dochar ar bith dobhtha.
Seamus: Nach bhfeiceann tú an saothar a rinne bunadh Thír Chonaill le cupla bliadhain leis an Ghaedhilg a chur chun cinn. Nach bhfeiceann tú na leabharthaí(?) Gaedhilge a scríobhadh mar "Cora Cainnte Thír Chonaill" agus Céad de Cheóltaibh Uladh" agus morán eile. Achan pháipéar(?) Éireannach a thógas tú tá giota ionnta ag moladh do na daoine tuilleadh leabharthaí a scríobh(?) i nGaedhilg Thír Chonaill. Ar ndóighe nach bhfuil (?) ag taisbeant go bhfuil meas mór ar Ghaedhilg Thír Chonaill(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann