Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 099

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 099

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 099
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Chuimín:- Sul a rannadh an talamh céad bliadhain ó shoin, bhí an baile seo na thalamh ingealta coitchianta agus "Cuimín" a bhíodh mar ainm ar áit de'n t-seort. Tá morán bailte de'n ainm sin fríd an chonndae seo.
    Srath Gallaigh - Bhí an srath sin ariamh faoí thuillteacha agus deirtear nuair a bhíodh an tuile ag trághadh go mbíodh cuid mhór éisg go gallach éisg fágtha ar an talamh thirm.
    Baile na gCreach:- Deirtear gurbh iomaidh luigheachain a rinneadh ar fir siubhail ins an áit iar-gcúlta seo agus baineadh "creach" daobhta. Marbhadh fear san áit seo cionnus gur dhiúltuigh sé tabhairt isteach do na Robairí Carraic an Óir:- Páirc carraigh an óir.
    An baile na Garbh Abhainn:- Deirtear go bhfuil ciste óir i bhfolach i n-áit éigin timcheall na carraice seo.
    An Cill Ráin (Raithne:- baile taobh thoir dinn inar thóg Raithne (Deirbhshiúr Taobhóige) cillín no reilic. Tá fothracha na cille le feiceailt acht níor cuireadh aon duine le dhá chéad bliadhain ann. Ard na brice:- Alt ar an Fáil Gharbh. Tá fado ó shoin bíodh eallach féaraigh san áit seo agus bliadhain amháin fuair an t-eallach uilig bás acht bó bhreac amháin agus cómhnocadh sise fan ard sin agus tugadh an t-ainm sin air ó shoin i leith.
    Cnoc na h-Amadán:- An Cnoc os ár gcionn. Thigeadh seachran ar daoine fa mhullach an chnuic seo agus ní bhíodh siad ábalta an baile a bhaint amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Taobhóg, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Máire Brighid Níc Giollachaoil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    An Clochán, Co. Dhún na nGall