Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 025

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 025

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 025
  3. XML “An Fear Cliste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear in a gcomhnuidhe leis fhéin nuair a thainig fear siubhal thart agus capall leis is dubhairt sé dá gceannochadh sé an capall go bfuigheadh sé bean do le obair toighe a déanamh. Dubhairt fear an toighe gur sin margadh maith agus thug sé cead punnta do ar an capall. Fuair an fear na cead punnta agus d'imthigh sé agus cuir sé a dheirbhsiuir ag an fhear. Ní rabh an bhean ábalta dadaidh a déanamh agus chuaidh an fear ar lorg an fhir bocht agus ins an deireadh fuair sé an fear agus a bhean.
    Dubhairt an fear le na bhean gur sin an fear a dhíol sé an capall leis le í a fágail arais aige. Dubhairt an bhean go rabh dhá coinín annsin agus eisean ceann acu a thabhairt amach leis agus rinne sé amhlaidh. Thainig an fear eile isteach agus d'fiafruigh do'n bhean ca rabh fear na mire. Dubhairt sise go rabh sé amuigh annsin, go amach fa na choinne arsa an fear cuir sise amach an coinín agus thainig an fear isteach agus an coinín leis.
    Dubhairt an fear leis go rabh an coinín sásta agus go rabh cruinneadh le bhéith aige agus gur mhaith leis an coinín a fághail leis na daoine a iarraidh. Thug sé dhá fhíchead ar an coinín agus thug sé leis abhaile é. Cuir sé amach an coinín leis na daoine a iarraidh. Bhí cean a cinn leis an coinín is ní thainig sé arais ariamh agus ní thainig aon nduine chuig an cruinneadh. Chuaidh an fear arais chuig an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Fhionntaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Tóin Dubh (Thompson), Co. Dhún na nGall