Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 079

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 079

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 079
  3. XML “Oíche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní bhionn mórán iomráidh ar an tSamhain anois; na daoine atá ag gabhail ins an am atá i láthair ní mo 'ná go dtuigthear dóibh cad is Samhain ann, nó cáidé an chiall atá le "Milleadh Cnó," le "Creac Sméar", le "Folachan Feoighte," le "Rádán," le "Geasróga Samhna," le h-"Oidhche Fhéil' na Marbh," leis an Phaidrín Bheag," leis na "Laethe Sceoidhte," nó leis an tsean-druagánacht a bhain leis an dómhadh lá déag de Mhí na Samhna. Acht níorbh' amhlaidh abhí i bhfad ó shoin.
    Roimhe seo chrostaí ar thaos óg smeara dubha a ithe indhiaidh lá Samhna Úr. Agus d'agarthaí iad gan roinn nó rogha a bhéith aca le cnódhanna aon uair amháin a thigeadh sean-lá Samhna, le neart na h-eagla roimhe an tSluagh Sidhe.
    An bharamhail a bhíodh ann go ndeánadh lucht na gcnoc go ndeánadh siad "creach sméar" Oidhche Shamhna, agus duine ar bith a d'íosadh ceann de na caora beaga 'na dhiaidh sin gur dhó ba mheasa. Thiocfadh an "Rádán" air; is é sin sheangfadh a chorp, d'éireochadh sé ruicneach fá na pluca agus fá'n ghruaidh, agus roimhe bhliain bhéadh dreach agus feagraidheacht shean-duine air. Mar an gcéadna an té a dtiocfadh de mhío-fhortún air baint le meas na gcoll i ndhiaidh sean-lá Samhna d'fhágfaí gron de sheort eighinteacht air nó comh dóighe le n-a athrughadh thiocfadh brúcht amach ar a chroiceann.
    Oidhche mhór grinn ag na Gaedhealaibh is eadh Oidhche Shamhna. Bíonn suipéar mór in achan teach an oidhche sin. Déantar bairin-breac i gcóir an t-suipear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Faisnéiseoir
    Proinnseas Ó Gallchobhair
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    Garraíodóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)