Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 063

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 063

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 063
  3. XML “Galair agus Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (i) León:- Tá an léigheas seo ag daoine atá an t-athair agus an mháthair de'n t-sloinneadh amháin. Téigh daoine chuca fá choinne ortha an leónta, sin focla nó urnuighte a bhíos aca. Nuair atá na focla ráidhte aca ceanglann siad córda ar an áit atá leónta. Tá sé d'fhiachaibh ar na daoinibh a géibh an léigheas an córda a fhágailt go dtuitfidh sé fhéin de.
    (2) An Triuch:- Cé bith a bhíonns an triuch ortha, tugtar giota aráin coirce do'n asal agus na grabhrógaí a thuitfeadh o'n asal tugtar iad do'n pháiste atá an triuch air agus deirtear gur seo an léigheas.
    (3) Fáirthní:- An té a bhfuil fáirthní ortha, nuair a tcídh siad tórramh ag teacht deirtear gur cóir dóibh grainín créafóige a thógailt agus é a cuimilt ar na fáirthní agus indhiaidh seo go bhfuigheadh siad biseach.
    (4) Leicnibh:- Cuirtear adhastar ar an duine agus tugtar síos go srúthain nú an abhainn é, agus trí braon uisge a ól ar féadh trí lá, agus ar an triomhadh lá go mbéadh biseach ar an duine. Tá an léigheas seo ag daoine a bhfuil an t-athair agus an mháthair de'n t-sloinneadh amháin.
    (5) Déideadh:- (a) Dá nglacadh duine trí lán béil ribeacha as an cros atá ar dhruim an asail, deirtear gur léigheas seo fá choinne an déididh.
    (b) Fosta dá racadh duine síos go dtí uaigh agus í a fhosgailt agus cloigeann duine a thabhairt aníos as an uaigh, agus fiacla an duine sin a tarraingt amach le do chuid fiacla fhéin, deirtear dá ndéanadh duine seo nach mbéadh déideadh air go bráth arais.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Proinnseas Ó Gallchobhair
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann