Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)
- Suíomh:
- Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: An tSr. M. Deuglán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh am bréagh ag na daoine ins an t-sean ám nuair a gheibheadh siad mín-choirce on muileann, agus gheibheadh siad cúpla mála dé mhín-chátha fosta. Dá mbíodh daoine bochta ar bith ins an chomharsanacht na mbíodh mhin-choirce ar bith aca bheireadh siad mála dóibh.
Deantar cathbruith den mín chatha agus seo mar a deantar é. Cuirtear an min-chátha isteach i dtubán agus cuirtear uisge fuar air. Fagtar annsin é go ceann cúpla lá agus cúpla oidhche. Cuirtear é fríd siothlán agus ní leigtear fríd acht an t-uisge bán agus fagtar an gráin ins an tubán. Cuirtear ar an teine é agus bruichtear é go maith. Nuair a bíonn sé ar an teine measctar é mur a bhéadh gleothán ann. Cuirtear amach ar plata é agus nuair a bíonn sé fuar ithtear é le uachtar.
Ní dheantar é anois ar chor ar bith agus is beag bean toighe a dtiocfadh leo innse cionnus mar a dheantar é.- Bailitheoir
- Maighréad Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann