Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)
- Suíomh:
- Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: An tSr. M. Deuglán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean fhear ann uair amháin agus bhí mac amháin aige. Bhí an mac pósta agus bhí a lán páistí ag an lánamháin. Níor mhaith leis an bheirt an sean fhear seo nuair nach rabh airgead aige agus bhí siad ag tabhairt droch-úsaidhe do. Eoghan O Mearán an t-ainm á [?] bhí ar an sean fhear. Bhí dearbhrathair saidhbhir ag an sean fhear agus lá amháin chuaidh sé chuige. Thug an dearbhráthair saibhran do i gcóir cúpla seachtmhain.
Nuair a tháinig an sean fhear abhaile níor labhair sé focal. Ar maidin lá ar na bhárach chuaidh sé go dtí coill mór agus thoisigh sé a cuntas an sabhras. Chonnaic na páistí é agus rith siad isteach agus d’innis siad dó’n athair agus do’n mháthair fa na rudaí deasa geala a bhí ag an sean fhear. Níor créid an mháthair é agus chuaidh siad go dtí an coill agus chuaidh sé i bhfolach. Chonnaic siad na píosaí ceadhna, rith siad chuige agus d’iafruigh siad dé cá h-áit a bhfuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Ní Mhaolaodhg
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Dhuibhir
- Inscne
- Baineann