Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)

Suíomh:
Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
An tSr. M. Deuglán
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 27

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 27

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí
  2. XML Leathanach 27
  3. XML “Arán Coirce”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Arán coirce is mó a bhíodh ag na daoine go léir ins an t-sean am, agus tá dúil mór ag na sean daoine ann go fóill. Biodh maith follán iseadh arán choirce agus tá brigh ann. Ins an t-sean am nuair a beadh daoine ag gabhail go loch Derg bheireadh siad leadhb maith de arán choirce leo. Dheanfeadh siad an rud céadna nuair a bhéadh siad ag gabhail go America agus cúig no sé coircíní dé a bheireadh siad leo mar bhí an turas fada. Seo mar a deantar é. Ar dtús cuirtear min choirce í mbaisín agus annsin cuirtear salánn ann agus cuirtear uisge air. Measctar é thart le dó lámha go dtí go dteantar taos de. Cuirtear é ar iarainn aráin agus cuirtear inaice na teineadh é go dtí go n-éirigheann sé cruaidh agus cuirtear min thart timcheall ar chun é a dheanamh cruaidh. Nuair bhéidh sé cruaidh cuirtear im air agus bíonn sé réidh le h-ithe annsin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
        1. arán (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Ghallcobhar