Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)
- Suíomh:
- Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: An tSr. M. Deuglán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá morán teach in a bhfuil taidhbhsí. Tá teach míle go leith taobh amuigh de na Gleanntaí agus bhí taidhbhsí ann annuraidh. Bhí fear agus bean ina gcómhnuidhe ins an teach seo agus fuair an fear bás i mí na Márta. An oidhche ceadna sin bhí taidhbhsí ins an teach. Tháinig an clár de’n phota agus thoisigh sé ag léimnigh thart fa’n teach. ‘Na dhiaidh sin fuair an bhean buachall aimsire.
Gach oidhche bhíodh an pota, agus cupáin agus gach aon rud eile ag léimnigh thart fa’n teach. Tháinig na deateacha go léir de chearc. Briseadh an fuinneóg lá amháin fosta.
An oidhche ceadna a bhí an fear marbh bhí uan beag ag caorach agus ní rabh aghaigh ar bith air.
Fuair an bhean bás cupla lá ó shoin agus níl duine ar bith ins an teach anois.- Bailitheoir
- Brighid Ní Bhaoghail