Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)
- Suíomh:
- Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: An tSr. M. Deuglán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá oiléan cupla míle ó na Gleanntaí ar a bhfuil Innis Caol mar ainm air. Bhí Naomh Conal Caol ina chomhnuidhe ar an oiléan seo agus tá fothraigh tighe 'n pobaill a thag [?] sé ann go foill. Ní'l an oileán seo ana-mhór acht tá sí an-bheannaighe. Téigheann daoine ann ag déanamh turais i rith an t-Samhraidh acht bíonn turas i leith ar an dochadh lá d'eag de Bealtaine achan bhliadhan. Traigheann an fhairrge amach chuige agus tégheann gluasteáin amach leath-bhealaidh le sean-dhaoine ar eagla go mbéadh siad ar deireadh. Caitheann siad daobhtha a mbroga agus gnidheann an turas costarnocht. Tá ortha siubhal fríd neantogaibh agus fiaftalach [fiastalach?] garb sul a dtosuigheann siad ar an turas ar chor ar bith. Tosuigheann an turas faoi bheann mhór carraic ar an taobh soir dé'n oileán. Tá tobar fíor-uisge(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire E. Ní Dháibhéadh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Gleannta, Co. Dhún na nGall