Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)
- Suíomh:
- Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: An tSr. M. Deuglán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a gheibh duine bás i n-Dún na n-Gall fágtar an corp dhá lá agus dhá oidhche agus cuirtear iad ar an treas lá. Fágtar an corp go dtí go n-éirigheann sé fuar agus annsin níghtear é, agus cuirtear culaith an bháis air -culaith dhonn na scaball. Crochtar cúirtíní bána thart fan leabaidh. Lastar coinnle ar thabla beag in aice na leabtha agus cuirtear blátha agus pictúirí beannuighthe air fosta.
Tigeann na comharsanaigh go léir chun na fáire. Ar thabla ins an chistín, bíonn tobac agus snaoisín. Ar a dó-dhéag a chlog deirtear an páidrín. Annsin deantar an tae agus bheirtear é do na daoine a shuidheas i righ na h-oidhche. Suidheann na daone óga go maidin i gcómhnuidhe agus tigeann na sean daoine ar feadh an lae.
Ins an tsean am go h-airid nuair a bhéadh sean duine mharbh bhéadh spórt mór ag na daoine óga go maidin ag innse sgealtaí, agus ag imirt cleas.
Mo máthair a d’innis seo damh.- Bailitheoir
- Brighid Ní Bhaoghail
- Inscne
- Baineann