School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 350

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 350

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 350
  3. XML “Na Beacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair abhí caisleán Cill Átha á' dhéanamh do bhí na saoir ag lorg fola agus gruaige chun measgadh leis an martaol mar b'shin nós a bhíodh aca fadó chun an martaol a dhéanamh láidir. Tháinig sluagh fear go Baile-Mhúirne chun beithihig a thóaint leo chun fuil agus gruaig d'fhághail uatha. Bhí Naomh Gobnait i mBaile-Mhúirne an uair sin agus nuair a airig sí go raibh an dream ag teacht chun an creach a thóaint dubhairt sí léi féin go stopfadh sí iad.
    Bhí mórán beach aca agus do dhein sí saighdiúir de gach beach aca. Do bhíodar bailighthe le chéile i bpáirc atá ar an dtaobh thiar de'n Muilleann ar an dtaobh dheas de'n t-Suláin. Tháinig dream na creiche ar an dtaobh clé. Ciar leis an dá dream go dtí gur shroiseadar Cúm na n-Éag.
    Do rith dream na creiche suas an cnoc san áit 'na ghlaodhan siad Muing an t-Sáruighthe air. Tháinig saighdiúirí Naoimh Gobnatan suas leo ansan agus thógadar an creach uatha. Tá Muing an t-Sáruighthe mar ainm ar an áit ó shoin.
    De rith an aon capall déag abhí ag muinntir Cill Átha síos tar faill mór atá in aice Muing an t-Sáruighthe agus siné an cúis go bhfuil Eisg na gCapall mar ainm ar an áit ó shoinl B'éigin do mhuinntir Cill Átha dul abhaile gan na beithidhig agus tháínig na saighdiúirí thar-nais go dtí Naomh Gobnait agus do dhein sí beacha díobh airís."
    "Tá bhéarsa a bhaineann leis seo i leathanach 46."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    3. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Siobhán Bean Uí Luasaigh
    Gender
    Female