Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- Curraheen, Co. Kerry
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deir na sean daoine go bhfuil ór i bhfolac i gCroca i bparóíste Leac Snámha agus gur bé taoiseach "Ponsonby" a chuir ann é i n-aimsir Éibhlíse, idtreó is ná bhfaghadh na Sasanaigh é. Do bhí fhios ag ceann des na fearaibh aimsire a bhí i seribhís an taoisig go raibh sé annsan agus dubhairt an taoiseach leis féin go marbhochadh sé an fear aimsire.Do cheangail sé a dhá chois le téid agus do cheangail sé an téád le chois a chapaill agus do chuir sé fear in-áirde ar an gcapall agus béigin dó dul treasna an pharóíste leis, agus nuair a tháinig sé thar n-ais ní raibh ann de'n bhfear ach a dhá chois.Bhí Ponsonby ag riaghlú na tíre an trath so agus bhí comhacht aige dhuine do chrochadh indiú agus triall a chur air amáireach.Tar éis báis dó, do bhí an talamh fé comhacht Normánach darabh ainm dó "Fitzmaurice." I rith na h-aimsire sin níór chuir aoinne lámh ar an ór go dtí go dtáinig Sasanach darbh ainm dó "Bailbrown" ar a lorg. Do chuir sé triúr fear chun é fhagháíl agus tháinig tarbh 'na ndiaidh. Lá i ndiaidh sin tháínig beirt fhear agus deirigh an lá chomh dorcha le h-aon oidche riamh agus nuair a thagadar go dtí an carraig(lean ar leat. a 65)(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Curráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Reennanallagane, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Curráin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Reennanallagane, Co. Kerry