School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- XML Page 100
- XML “Éadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- ÉadaigheBhí turn coise aca agus bhídís ag gabháil do’n líon agus dhéanaidís léinteacha Domhnaig agus bairtlín mín agus garbh. Chuiridís coireán ar na bairtlín garbha. Do bhíodh na bairtlíní eile míne aca.
Dhéanfadh na léinteacha ceithre blíana tú do bheadh an t-éadach cómh bhreág san (anairte).
Éanach Olana. Nígheadh na caoirig agus truimuigheadh íad. Beárradh an lomra annsan. Cuireadh an olann go dtí an muilleóir. Chuireadh sé sin íle olna innti agus cárdáileadh sí annsan é. Tugadh abhaile leó é agus deineadh snáth de. Gheibhidís bean deagh-amhrasach. Chuireadh sí an snáth ar an bhfalla ar na cipíníbh. Ceangluigheadh sí ‘na lár é agus ceangluigheadh sí ‘na cheann é. Nuair a bhíodh na lánúghadh thíos aici (cúig céad lánúghadh, fice is a cúig ar gach chipín). Thógadh sí anuas annsan é agus dheineadh sí ceirtlín di. Tugadh do’n bhfigheadóir annsan é agus dheineadh sé sin éadach de (plainnín). Dá mbeadh snáth dubh agat do deintí plainnín breac de (dubh agus bán). Má’s maith leat d’d’fhéadfaí é do cur go muileann fé leith á reamhrú agus déanfaí bréid de. Cuirfaí go dtí an táilliúr annsan é.(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ua Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry