School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 019

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 019

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 019
  3. XML “Bean Sí na Luaiséadach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    shiubhal a chos agus é deireannach go maith ‘san oidhche. Ag cur na slíghe dhe connaic sé lios ar taobh an bhóthair. Tháinig fear amach as béal an leasa agus chuir sé cainnt ar an Luaiséadach. “Tar liom annso isteach” ar seisean. Fear mís-núil ab eadh Luaiséad. Chuaidh sé isteach ‘an lios le cois an fhir eile. Bhí seomra ann istig agus é go geal le soillse. “An bh’aon deifir leat seasamh mar athair baistighe le leanbh,” labhair Fear an leasa le Luaiséad. Baisteadh an leanbh. Labhair Fear an leasa arís “Má’s maith leat d’inghean d’fheiscint anois tá sí le feisgint agat.” “Ana mhaith” a dúbhairt an fear eile. Cuadar isteach i seómra eile agus is ann a bhí an inghean in a luighe i leabaidh. Labhair sí agus a h-athair le’n a chéile. Bhí áthas agus eirighe croidhe ortha araon gan amhras. “Liom-sa ‘s eadh an leanbh a chonnaicís annso” a dubhairt an bhean óg. “Táim annso” ar sise ó’n dtráthnóna úd gur fhághus tusa. Fuadúigeód annso isteach mé, ach iarraim ort má deintear biadh ná deoch a thairrsgint annso duit ná bain leis." Labhair Fear an leasa arís. “Má’s maith leat d’inghean a thabhairt abhaile níl a bhac ort í bhreith leath anois” ar seisean. “Ó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. banshees (~369)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Cróinín
    Gender
    Female
    Informant
    Gearóid Mach Gearailt
    Gender
    Male
    Address
    Lios Póil, Co. Kerry