Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhlaiseadh aice ionus go mbéadh ar a cumas teacht ar n-ais cuige. Dubhairt sí leis iarraidh air í leigint thar n-ais agus ná cuirfeadh sí isteach coidhche ar a mhnaoi chéile.
Nuair do fuair an Caomhánach bocht an litir baineadh preab mór as, agus siúd leis 'on Daingean, do'n Chanónach, Domhnall Ó Suilleabháin, agus d'iarr sé comhairle air. Do dhein an sagart machtnamh ar an scéal agus sa deire dubhairt sé leis an gCaomhánach gan bhacadh leis an mnaoi sin a sciobadh uaidh. Dá dtagadh sí thar n-ais annsan ní bheadh aon nídh ach achrann is clampar is mí-ádh dá bharr. Dhein sé rud ar an sagart; D'fhan an bhean mar a raibh sí, sa deire b'éigean di biadh na sidheoga d'ithe agus nior cualathas trácht uirthe ó shoin.
Tá sliocht an Chaomhánaigh sin i Ráth Fhionáin fós.
NÓTA: Chuala ó chailín de Mhuintir Shéaghdha go ndeir cuid de na daoine gur go Co. Doire a sciobadh í.- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry