School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 363
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a deir Síomáin. Thug tú t-eitheach a deir an rí. Is maith liom go ndubhairt tú é a deir Síomáin sin í t-inghean agam. Ní raibh fhios ag an rí beo céard a dhéanfadh sé annsin. Chuaidh sé go dtí an sean fhear glic a bhí ar an mbaile agus d'innis sé an sgéal dó.
Dubhairt an sean fhear glic leis an rí go raibh loch taobh thíos dhá theach agus go raibh crann ag fás amuigh i lár na locha agus go raibh olphéist amuigh sa loch agus dhá gcuirfeadh sé Síomáin ag bainnt na slat as an gcoill go sloigfeadh an olphéist é. Chuir an rí Síomáin ag baint slaite agus nuair a bhí sé ag baint na slaite d'éirigh a olphéist chuige. Bhain Síomáin an tslat agus dfhoscail sé cloigeann na slaite ó cheile le na sgian agus dúbhairt sé leis an olphéist a drioball a sháthadh amach ann. Chuir an olphéist a drioball amach sa bpoll agus dfháisg Síomáim uirthí agus thug sé go dtí an rí bréagach an slat agus an olphéist.
Nuair a chonnaic an rí ag teacht é thug sé a sean-ualach óir agus airgid dhó agus dúbhairt sé leis a inghean dó crochadh leis. Bhí Síomáin agus a bhean ag teacht abhaile annsin agus níorbh fhada gur casadh madra alta dhó. An í sin inghean mo rí bréagach agat a deir an madra alta. Sé a deir Síomáin. Bainfeadh mise díot í a deir Síomáin. Ní bainfeadh mus a deir Síomáin nó go ndéanfadh tú an cleas a dhéanfas mise.
Rinne Síomáin cleas ar crann ach chinn sé ar an madra alta é a dhéanamh. Rinne sé gad agus chroch sé do crann é. Dimthigh sé leis annsin. Dubhairt an olphéist leis an rí dhá mbainfeadh sé drioball as an gcrann go dtiubharfadh sé a inghean ar ais aríst aige. Bhí an olphéist ag imtheacht léithe annsin nó gur casadh an madra alta dí. 'Ara cé chas annsin thú' a deir an t-olpheist. Síomáin a deir an madra alta. Cé leis a gcuideochaidh tú a deir an olphéist dhá sgaoilfinn as géibheann thú. Leatsa a deir an madra alta agus leanadar Síomáin.
Nuair a bhíodar tamall ag siubhal chonnaiceadar Síomáin ar thaobh cnuic agus é ag gearradh piosa de mhaide le sgian. Tá sé deir an t-olphéist(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Maoilchiaráin
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- Roisín na Mainiach, Co. Galway