School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 364

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 364

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 364
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanráite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag déanamh rud chun mo dhrioball a chur isteach ann aríst. Ní ghabhfadh mé níos fuide. Ní h-eadh a deir an madra alta ach ag déanamh gad le h-aghaidh mo chluas-sa atá sé agus ní ghabhfadh mé fhéin níos fuide. Chasadar ar ais aríst agus chuaidh Síomáin agus a bhean abhaile go hÉirinn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí an domhan bráthach ann.
    Dhá mbeadh sé ag cur sceanna gréasaidhe agus an ceann gearr a bheith anuas díob.
    Tá sé ina thuile liagh.
    Bhí an domhan agus a mháthair ann.
    Tá tú in do libín ag an mbáisteach.
    Ba mhaith an mhaise dhá anam é.
    Tá sé bruidhthe fuinnte agam dhuit.
    Tiocfadh an lá fós go ngeobhfaidh an bhó gnótha dhá drioball.
    An té atá sios buailtear cos air agus an té atá thíos óltar deoch air.
    Níl mé in a dhiadh air.
    Tiocfaidh oidhche fhada agus gealach fós.
    Innis dhom do chomáide agus beidh fhios agam cé thú.
    Bhí sé ag bráideán báistigh.
    Tá mé chomh tuirseach is dhá mba i ndiaidh baid a tharrnightháide mé.
    Ní mórán thú.
    Ní fearr anonn é ná anall.
    Tá sé ag clagarnaighíl báistigh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Maoilchiaráin
    Gender
    Female
    Age
    15
    Address
    Roisín na Mainiach, Co. Galway