School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 344

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 344

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 344
  3. XML “Seanphaidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ceithre coirnéil ar mo leabaidh, ceithre aingil orra sgartha. Má fhághaim-sa bás anocht nó ar maidin i bhFlaitheas na ngrást go raibh m'anam.
    Cóirighim mo leabaidh i ngleann uaignigh ar phunán luachra, in ainm na h-oidhche a geineadh tú, in ainm na h-oidhche a rugadh tú, in ainm na Naomh is aoirde i bhFlaitheas na nGrást, in ainm an Mhic gur shíl tú nach dtiocfadh go mbeadh sé 'na lá. Ó, a Mháthair níl aon duine a deireas do phaidir trí h-uaire sa lá a bhfuil damní síoruidhe dá anam go bráth.
    Ceithre phosta ar mo leabaidh- ceithre aingil ag rinnc' orra, Naomh Maitiú Marcus, Lúcas, Eoin. Beannuigh an leabaidh seo a bhfuil mé 'mo luighe uirri. Luighim sos, glacaim mo shuaimhneas, cuimhnigheann m'anam ar Mac Dé Is má fhághaim bás uaidh seo go maidin go raibh m'anam ardheis láimh Dé.
    Go mbeannuighe Tú dhom a Shéipéil Dé mar bheannochas mé féin duit, is go mbeannuighe Béal Dé dhom. In ainm Maighdine na Flaithis íslighim anseo ar mo leath-ghluin dheas le súil go bhfaighim agus anama ....... an domhain slán ar leic na bpian. Amen.
    A Bhainrioghain is gile ná an ghrian, ná fulaing i bpian mé i bhfad. A Mhic Mhuire, sgaoil na glais agus tabhair m'anam leat. Glaoidhim ort a Mhaighdin Mhuire.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Breathnach
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Roisín na Mainiach, Co. Galway