School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 452

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 452

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 452
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí táilliúr ann fadó agus bhí sé an-lag. Lá amháin chroch sé páipéar taobh amuigh dhá dhoras agus tháinig go leor cuileogaí agus d'ísligheadar air, ní dhearna sé ach a bhos a tharraingt agus céad aca a mharbhú. Ní dhearna sé an chéad lá eile ach páipéar eile a chrochadh ar an doras agus bhí sé agríobhtha ar an bpáipéar 'fear marbhú na gcéadta' mar gheall ar an méid cuileogaí a mharbhuigh sé an lá roimhe sin. D'imthigh sé leis annsin go dtí gabha agus dubhairt sé leis claidheamh a dhéanamh dhó. Rinne an gabha an claidheamh mar a dubhairt an táilliúr leis.
    Nuair a bhí an claidheamh déanta d'imthigh an táilliúr leis agus ba ghearr an t-achar go dtáinig sé go dtí áit a raibh daoine ag tógáil caisleáin. D'fhiafruigh an fear dó a bhí ag tógail an chaisleáin an ngabhfadh sé ag faire an chaisleáin an oidhche sin. 'Cad chuige a ngabhfainn-se ag faire an chaisleáin' a deir an táilliúr. Dubhairt an fear go dtéigheann duine dhá fhaire chuile oidhcheagus go mbíonn sé marbhú agus an méid den chaisleán a bhíonns déanta bíonn sé leagtha. 'Má thugann sibh cuig chéad punt dom', a deir an táilliúr 'gabhfaidh mé dhá fhaire'. Dubhairt an fear go dtiubhradh ach dá mbeadh sé beo ar maidin. Chuaidh an táilliúr annsin suas ar bharr an chaisleáin agus ba ghearr an t-achar go bhfaca sé dhá fhathach ag teacht agus thosaigh sé ag caitheamh clocha leo
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway
    Informant
    Tomás Mac an Iomaire
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    60