School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 421

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 421

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 421
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Le linn an droch-shaoghail sa mbliain 1845 cailleadh go leor daoine in mo cheanntar. Tá go leor díobh curtha sna sléibhte agus sna garrantaí. Is iomdha áit in mo cheanntar a bhfuil daoine curtha ann. Tá áit i Ruisín na Manach a dtugtar an 'Caorán air. Áit mhór is eadh é. Faoi sin tá daoine curtha a cailleadh ins an droch-shaoghal. Fadó na daoine a bhfuigheadh bás ní chuirtí i Roilig ar bith iad ach corr-dhuine. Is amhlaidh a chuirtí connradh ortha agus iad a chur sna garrantaí agus amanta eile ní chuirtí connradh ar bith ortha mar gheall is nach raibh luach na gclár ag na daoine. Is leis an droch-shaoghal a cailleadh na daoine.
    Nuair a loit na fataí ní raibh aon bhaidh aca le n-ithe agus ní raibh siad indan an plúr a cheannach.
    Bhí bliain eile ann ar a dtugtar 'Nineteen an tae dubh'. Sé an fáth a dtugtar an bhliain sin air mar ní raibh aon bhainne ag na beithidhigh nuair nach raibh an féar ann. Chaitheadh na daoine tae dubh a ól agus ó shoin amach tugtar 'Nineteen an tae dubh' air. In ionad an bhainne chuireadh na daoine min-choirce tríd an tae. An min-choirce a bhruith agus annsin é chur tríd an tae. Nuair a bhí na fataí ag fás tháinig an dubh ortha agus nuair a bhíodh siad ins na poill lobhadh siad. Bhíodh na daoine ag iarraidh fataí a choinneáil le h-aghaidh an chéad bhliain eile agus b'éigin dóibh iad a chur isteach sna tighthe. Nuair a theip ar na fataí b'éigin do mhuinntir na h-áite imtheacht go h-áiteacha eile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Bairbre Ní Liodáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Roisín na Mainiach, Co. Galway