School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 362

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 362

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 362
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rí bréagach in Éirinn fadó agus bhí inghean aige. Ní raibh sé sásta a inghean a thabhairt d'aon fhear ach fear a thiubharfadh dhá bheithigh dhó. Do chinn sé ar gach fhear inghean an rí dfághail. Lá amháin dubhairt fear le na athair agus le na mháthair go ngabhfadh sé go dtí an rí bréagach ach ní raibh a mhuintor sasta mar cheap siad nach raibh aon bhaoghal go bhfuigheadh sé í.
    Mar sin féin bhuail sé leis. Chuaidh sé go dtí teach an Rí agus fáiltuigheadh roimhe. Lá ar na bháireach thug an rí amach go dtí garraidhe cabáiste an fear. 'Síomáin' an t-ainm a bhí ar an bhfear. 'An bhfaca tú aon gharraidhe cabáiste ariamh' a deir an rí le Síomáin chomh breagh leis sin?' 'Muise go deimhin chonnaiceas' a deir Síomáin. 'Cá bhfaca tú é' a deir an rí. 'Againn fhein sa mbaile' a deir Síomáin. 'Cén chaoi a bhfuil tú in ann a rádh go bhfuil sé nios fearr ná é sin?'
    Annsin a deir Síomáin uair amháin chuaidh mé féin agus mo dhearbhráthair amach ar maidin Dé Luain agus dhá thuaith againn ag baint meall cabaiste. Tráthnóna deireannach Dé Sathairn a bhí an meall bainte againn. 'Thug tú t-éitheach' a deir an rí. 'Is maith liom go ndubhairt tú é ' a deir Síomáin sin .....dé t-inghean agam. Lá ar na bhaireach thug an rí amach aríst Síomáin go dtí cruach móna. 'An bhfaca tú aon chruach móna ariamh' a deir an rí 'chomh breagh léithe sin?' 'Muise go deimhin chonnaiceas' a deir Síomáin.
    'Cá bhfaca tú é' a deir Síomáin. Cén chaoi a bhfuil tú in ann a rádh go bhfuil sé níos breaghtha ná í sin a deir an rí. An cearc a sgaoilfeadh muid amach as an sgioból ar maidin bíodh sé ag dul suas ar an gcruach agus nuair a thiocfadh an oidhche bhíodh si ag piocadh na réalta de'n aer
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Maoilchiaráin
    Gender
    Female
    Age
    15
    Address
    Roisín na Mainiach, Co. Galway