Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 363

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 363

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 363
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a deir Síomáin. Thug tú t-eitheach a deir an rí. Is maith liom go ndubhairt tú é a deir Síomáin sin í t-inghean agam. Ní raibh fhios ag an rí beo céard a dhéanfadh sé annsin. Chuaidh sé go dtí an sean fhear glic a bhí ar an mbaile agus d'innis sé an sgéal dó.
    Dubhairt an sean fhear glic leis an rí go raibh loch taobh thíos dhá theach agus go raibh crann ag fás amuigh i lár na locha agus go raibh olphéist amuigh sa loch agus dhá gcuirfeadh sé Síomáin ag bainnt na slat as an gcoill go sloigfeadh an olphéist é. Chuir an rí Síomáin ag baint slaite agus nuair a bhí sé ag baint na slaite d'éirigh a olphéist chuige. Bhain Síomáin an tslat agus dfhoscail sé cloigeann na slaite ó cheile le na sgian agus dúbhairt sé leis an olphéist a drioball a sháthadh amach ann. Chuir an olphéist a drioball amach sa bpoll agus dfháisg Síomáim uirthí agus thug sé go dtí an rí bréagach an slat agus an olphéist.
    Nuair a chonnaic an rí ag teacht é thug sé a sean-ualach óir agus airgid dhó agus dúbhairt sé leis a inghean dó crochadh leis. Bhí Síomáin agus a bhean ag teacht abhaile annsin agus níorbh fhada gur casadh madra alta dhó. An í sin inghean mo rí bréagach agat a deir an madra alta. Sé a deir Síomáin. Bainfeadh mise díot í a deir Síomáin. Ní bainfeadh mus a deir Síomáin nó go ndéanfadh tú an cleas a dhéanfas mise.
    Rinne Síomáin cleas ar crann ach chinn sé ar an madra alta é a dhéanamh. Rinne sé gad agus chroch sé do crann é. Dimthigh sé leis annsin. Dubhairt an olphéist leis an rí dhá mbainfeadh sé drioball as an gcrann go dtiubharfadh sé a inghean ar ais aríst aige. Bhí an olphéist ag imtheacht léithe annsin nó gur casadh an madra alta dí. 'Ara cé chas annsin thú' a deir an t-olpheist. Síomáin a deir an madra alta. Cé leis a gcuideochaidh tú a deir an olphéist dhá sgaoilfinn as géibheann thú. Leatsa a deir an madra alta agus leanadar Síomáin.
    Nuair a bhíodar tamall ag siubhal chonnaiceadar Síomáin ar thaobh cnuic agus é ag gearradh piosa de mhaide le sgian. Tá sé deir an t-olphéist
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Maoilchiaráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Seoladh
    Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe