Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 439
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- AránSé an saghas aráin a bhíodh ag na daoine sa tsean-aimsir ná arán déanta de mhinchoirce agus bhíodh sé an-deas agus thaoinigheadh sé le gach duine mar bhíodh sé an-fholláin. Mheileadh na daoine féin an gráinne sa bhaile gach uair a bhíodh plúr aca agus is le bróinte a dheinidís é. Níl aon bhró dhá úsáid san áit in aon chor anois mar tá plúr cruithneachtan le fághail anois agus níl aon ghádh leo. Dheintí arán de phrátaí go minic agus do bocstí agus bhíodh sé an-deas. Do mheascadh na daoine cúpla glaic plúir le slám fataí agus bhruighidís annsin iad agus dheinidís cáca deas dhe.
Bíonn na daoine ag déanamh cácaí bocstí agus cácaí fataí fós agus bruitheann siad é ins an oigheann agus corr-uair ar an ngreidill. Chuirtí seastán iarainn faoi an ngreidill agus chuirtí an oiread teine fúithe agus a bhácáladh an cáca agus annsin nuair a bhíonn an cáca bruithte leagtaí ar feadh cúpla uair a chloig ag fuarú é. An t-arán a bhíonns ag na daoine anoisis de phlúr cruithneachtan a bhíonn sé déanta agus anois is arís bíonn cácaí fataí agus bocstí aca. Deineann na daoine cácaí milse freisin amanna áirid agus cuireann siad marcanna deas ortha go mór- mór faoin Nodlaig.- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe