Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 438
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag obair' agus 'tháinigeamar chun Sílighe dheis' agus a lán eile mar sin. Cluiche eile a bhíonn muid ag imirt seadh 'An Capaillín Bán' agus dathanna.
Cruinnigheann muid na cailíní go leir le chéile agus annsin tosuigheann muid ag comhaireamh agus an chéad duine a dtiocfaidh deich air beidh sé mar aingeal mar dheadh agus an dara duine a dtiocfaidh fiche air beidh sé 'na dhiabhal. Seasann na cailíní go léir suas le taobh an bhalla agus tugann duine amháin dathanna do na cailíní go léir- dubh, bán, gorm, dearg, corcra, buidhe, glas agus donn. Annsin fógruigheann an diabhal ceann agus fógruigheann an t-aingeal ceann agus mar sin de. Is iomdha cluiche a imrigheann muid ag an scoil agus sa mbaile.- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe